Fear an Phoist - Tadhg Eugie Ó Súilleabháin
Автор: BirinBeo
Загружено: 2010-10-24
Просмотров: 6578
Описание:
Léirigh Birínbeo Teoranta scannán gearr le déanaí chun an lá deireanach oibre a dhein Tadhg Eugie Ó Súilleabháin, a d'oibrigh mar fhear an phoist i mBaile Bhúirne agus Cúil Aodha ar feadh dhá scór agus ocht mbliain, a chéiliúradh. Fear uasail, críonna, lách é Tadhg a bhí mar bhunchuid lárnach, thábhachtach sa phobail i nGaeltacht Mhúscraí, mar Fhear an Phoist. Fear an Phoist, sa thraidisiúin atá beaganch imithe sa tír seo a bhí ann; ní díreach litreacha agus beartanna a bhí á iompar aige, bhíodh nuacht an bhaile, an pharóiste agus an chontae á iompar freisin!
Tar éis dó beagnach caoga bliain a chaitheamh sa phost, bheartaigh sé ar dhul ar scor. Mar sin ar a lá dheireanach, lean criú as Birínbeo, Tadhg agus é ag bailiú a stoc ag a sé a chlog ar maidin, agus ansin é ag gabhailt leis tríd an dúthaigh ag scaipeadh litreacha chuig muintir na h-áite go dí gur thit dorchadas an gheimhridh i Mí Éanair na bliana seo. Súil eile a bhí sa scannán ar chodarsnacht a chuid oibre mar Fhear an Phoist; Luan go hAoine, i measc an phobail ag caint le daoine, sna tithe, sna cistineacha, ag roinnt dea-scéalta agus ag tabhairt droch scéalta sna diabhal clúdaigh donna leis an cláirsigh orthu!
Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt ach go h-áirithe Dónal 'is Máire Con Dí, Finbarr, Mary Carty, Dónal Ó h-Éalaithe, Sharon Ní Icí, agus Rachael Ní Riada a chabhraigh le linn na n-agallaimh. Buíochas mór chomh maith le muintir Thadhg Eugie Uí Shúilleabháin.
Ceol- Peadar Ó Riada, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Máirtín Uí h-Aodha, ón dlúthdhiosca álainn 'Triúr sa Draighean'.
Повторяем попытку...
Доступные форматы для скачивания:
Скачать видео
-
Информация по загрузке: