ycliper

Популярное

Музыка Кино и Анимация Автомобили Животные Спорт Путешествия Игры Юмор

Интересные видео

2025 Сериалы Трейлеры Новости Как сделать Видеоуроки Diy своими руками

Топ запросов

смотреть а4 schoolboy runaway турецкий сериал смотреть мультфильмы эдисон
Скачать

John Beag Ó Flatharta - Amhrán Ráth Cairn

Автор: AnFearGorm

Загружено: 2020-10-25

Просмотров: 29035

Описание: An chéad amhrán a scríobh Ciarán Ó Fatharta faoi Ghaeltacht na Mí á chasadh ag John Beag Ó Flatharta

Nach iomaí píosa a d'fhéadfainn scríobh,
Dá mbéinn ábalta ar pheann,
Faoi na smaointe a d'fhág m'intinn,
Is an chuid atá fós ann,
Tá an leathchéad bliain seo curtha am dhíom
Faoi mhisneach, brón is brí
Ó thug mé an ruaig bliain 'tríocha cúig,
Go Ráth Cairn Glas na Mí.

Ó maidin Aoine a chaoin na daoine,
Ag fágáil againn slán,
Níorbh é ár nádúr an áit a fhágáil,
Is an gabháltas ' bhí againn ann,
Sé De Valera a d'athraigh an scéal,
Mar is fear é a bhí thar cionn
Mar cheap sé Éire a dhéanamh Gaelach,
Is an Ghaeilge a chur chun cinn.

Ó fágadh an baile is chuaigh go Gaillimh,
Is ghlan soir Orán Mór,
Bhí mná le páistí ina mbaclainn fáiscthe,
Ag triall ar Thír na nÓg,
Fuair muid treoir sa mbaile mór,
Le titim drúcht na hoíche,
Is bhí ceann scríbe curtha againn dhínn
Ráth Cairn Glas na Mí.

Nach muid a bhí náireach lá arna mhárach,
Ag siúlóid thart faoin tír,
Á chur faoi ndeara le Conamara,
Is an áit a mbíodh an spraoi,
Ach chuir mo shúile deoir le dúil,
Is ghlac mé misneach is brí,
Chuir mé dhíom an cumha i mo bhaile nua,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

Ó d'imigh lá agus seachtain bhreá,
Is nárbh fhada ann sé mhí
Tógadh talamh ar phócaí folmha,
Is cuireadh rudaí i gcaoi,
Ó thug gach éinne cabhair dá chéile,
Is mhaolaigh sin ár gcás,
Bhí De Valera ceart an chéad uair,
Bhí fréamh na Gaeilge ag fás.

Bhí againn fuíoll nuair a d'fheabhsaigh an saol,
Is bhí an baile ag fáil níos fearr,
Bhí treabhaire is eallach ag gach teaghlach,
Is talamh a bhí thar barr,
Bhí chuile shórt den ghreann is den spórt,
Le fáil a'ainn chuile lá,
Is le cabhair ár bpócaí tá scoil tógtha
Is áras pobail bhreá.

Ó tá go leor le déanamh fós,
Ach tógfaidh sé roinnt am,
De réir a chéile tógfar séipéal,
Is beidh an tAifreann Gaeilge againn ann,
Beidh an mhuintir thiar ag tíocht aniar,
Le scléip is spórt is spraoi,
Is beidh fáilte is féasta roimh gach éinne,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

Tá an leathchéad bliain seo curtha am dhíom,
Is nach ait mar a d'imigh an t-am,
Tá cnámha na nglúine a tháinig romhainn,
Faoi shuaimhneas sínte againn ann,
Ach beidh an t-aos óg a thiocfas fós,
Ag inseacht ár scéal faoi,
Is beidh an Ghaeilge bheo le fáil go deo,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

Не удается загрузить Youtube-плеер. Проверьте блокировку Youtube в вашей сети.
Повторяем попытку...
John Beag Ó Flatharta - Amhrán Ráth Cairn

Поделиться в:

Доступные форматы для скачивания:

Скачать видео

  • Информация по загрузке:

Скачать аудио

Похожие видео

Джем – John Beag Ó Flatharta - Amhrán Ráth Cairn

Джем – John Beag Ó Flatharta - Amhrán Ráth Cairn

John Beag Ó Flatharta - Pócaí Folamh agus Cloigeann Tinn, Bleán na Bó, Peigín Leitir Móir (Meascra)

John Beag Ó Flatharta - Pócaí Folamh agus Cloigeann Tinn, Bleán na Bó, Peigín Leitir Móir (Meascra)

Джем – Джон Бег

Джем – Джон Бег

Джем – John Beag Ó Flatharta

Джем – John Beag Ó Flatharta

Íochtar an Domhain

Íochtar an Domhain

An Tóstal Seoighe Inis Bearachain Part/Cuid - 2

An Tóstal Seoighe Inis Bearachain Part/Cuid - 2

John Beag Ó Flatharta - Mé Féin is mo Mhéit

John Beag Ó Flatharta - Mé Féin is mo Mhéit

Comharchumann Ráth Chairn | Oíche Chultúir 2020 i nGaeltacht na Mí | Culture Night

Comharchumann Ráth Chairn | Oíche Chultúir 2020 i nGaeltacht na Mí | Culture Night

John Beag Ó Flatharta - Nazarene Song (Come Follow Me)

John Beag Ó Flatharta - Nazarene Song (Come Follow Me)

Mo Mhéit ag Teacht Abhaile - John Beag

Mo Mhéit ag Teacht Abhaile - John Beag

Amhrán Ros Muc

Amhrán Ros Muc

A Chailin Àlainn sung by Tomás 'Jimmy' MacEoin & Arthur Cormack

A Chailin Àlainn sung by Tomás 'Jimmy' MacEoin & Arthur Cormack

Cuan Na Beirtrí Buí

Cuan Na Beirtrí Buí

Eamonn MacDonncha & Mícheál Ó Súilleabháin

Eamonn MacDonncha & Mícheál Ó Súilleabháin

John Beag Ó Flaharta - The Town of Carraroe

John Beag Ó Flaharta - The Town of Carraroe

Nancy Bhán

Nancy Bhán

Liam Ó Maonlaí - Amhrán na hEascainne | Port Orkney | TG4

Liam Ó Maonlaí - Amhrán na hEascainne | Port Orkney | TG4

Ceolchoirm #RnaG50 beo ó Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe

Ceolchoirm #RnaG50 beo ó Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe

Eamonn MacDonncha - (Lough Sheelin’s side)

Eamonn MacDonncha - (Lough Sheelin’s side)

John Beag Ó Flatharta - Beáráilte

John Beag Ó Flatharta - Beáráilte

© 2025 ycliper. Все права защищены.



  • Контакты
  • О нас
  • Политика конфиденциальности



Контакты для правообладателей: [email protected]