Rince ar Phár,2, An Guth,unique voice of the Irish language,litríocht chomhaimseartha na Gaeilge,TG4
Автор: TG Foghlaim
Загружено: 2013-11-24
Просмотров: 2762
Описание:
Click "about" for eolas ! Clár 2/6. "An Guth". I gclár 2 de Rince ar Phár, déanann scríbhneoirí drámaíochta, úrscéalta, scripteanna agus eile plé ar an nGaeilge mar ghuth inti féin...
Poets, playwrights, novelists discuss their view of the unique voice of the Irish language. TG4.ie, 2008
Léargas ginearálta. 2008 - an chéad mhórshraith teilifíse ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tabharfaidh an sraith "Rince ar Phár" léargas ar shaol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.
Ná bac na clichés- tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge- seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.
Fathaigh na litríochta ag plé nádúr na hinspioráide. Sa chlár seo pléitear nádúr na litríochta, agus splanc na hinspioráide faoi mar a deir Liam Ó Muirthile go mbíonn tú 'ag siúl beagán os cionn na talún'. Is breá le Biddy Jenkinson an cic sin on spéir. Dá bhféadfadh Nuala Ní Dhomhnaill an inspioráid a chur i mbuidéal dhíolfadh sí é! Agus draíocht na bhfocal a ghreamaíonn Cathal Ó Searcaigh. Nuair a thosaigh Darach Ó Scolaí ar An Cléireach bhí an íomhá chomh soiléir ina cheann go bhféadfadh sé a bheith ina phictiúr nó ina dhán ach ar deireadh is mar úrscéal a cuireadh cló ealaíne air.
Overview. The first major television series exploring contemporary Irish language writing in 2008. The series Rince ar Phár examines the world of Irish language writing and provides an insight in to the works of the major Irish language writers of our time. This series will look at the real life and times of the writers and banish the clichéd stereotypes associated with Irish writing (Peig bhocht!).
Major figures in Irish Literature discuss the nature of literature and the spark of Inspiration. They describe the flash of inspiration, when, according to Liam Ó Muirthile, you 'walk above the ground'. Biddy Jenkinson loves the spark that strikes from the sky.
Nuala Ní Dhomhnaill says, if she could bottle inspiration, she would sell it. The magic of words is what entrances Cathal Ó Searcaigh. When Darach Ó Scolaí began An Cléireach the image was so clear in his mind that it could have been a picture or a poem, but in the end, it took the form of a novel.
An nasc seo: • Rince ar Phár,2, An Guth,unique voice of t... TG4.ie 198702561
Sásta nó míshásta ? Botúin ? .. scríobh chuig Ciarán TG coa 1 gmail com. And no, this is not TG4, just one fan. TG4 http://www.tg4.tv has a fabulous free, high quality, Video on Demand (VOD) service available globally; it is also on BSB Sky in Europe. TG4 Player allows viewers everywhere to watch great programming in Irish on TG4 live and also some previously aired programmes on demand for some weeks (occasional programmes with rights issues may not be available).
Повторяем попытку...
Доступные форматы для скачивания:
Скачать видео
-
Информация по загрузке: