Na Páipéir á Saighneáil
Автор: Guindeiro
Загружено: 2012-08-10
Просмотров: 1195
Описание:
Ceol: Na Páipéir á Saighneáil
Tá na páipéir dá saighneáil
Is tá na saighdiúir(í) ag dul anonn.
Ta an drumadóirín aoibhinn aerach
Clanna Gael ag dul go tír na long
Dá mbeadh agam is duitse a bhéarfainn
Céad is dhá mhíle bó,
Ar chuntar tú bheith i d'fhéirín liom
Go Contae Maigh Eo.
I mo luí dom ar mo leaba
Is í m'osna a bhíonn mór.
Is ar m'éirí dom ar maidin
Is í mo phaidir mo dheoir.
Tá gruaig mo chinn ag titim
Agus ag imeach mar an gceo,
'S le cumha i do dhiaidh, a stóirín,
Ní bheidh mé i bhfad beo.
Nuair a éirím amach go huaigneach
Sea bhreatnaím ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach
A d'fhág an chrua-arraing trí mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh
Is fear mo thrua níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim tú
Go síntear suas í i gcónra chláir.
Tá mo stocaí uilig stróicthe
Is tá mo phócaí gan pingin.
Tá mo nuachulaith phósta
Is é mo léan géar fós gan sníomh.
Tá fiacha i dteach an óil orm
Is níor ól mé riamh braon,
Ach is é mo lean gear, a mhíle stóirín,
Gan mé's tú óg seal arís.
Is nach aoibhinn do na héiníní
A éiríonn go hard,
Is a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile
Ar aon chraoibhín lena chéile
Ar aon chraoibhín amháin.
Ní mar sin dom féin
Agus mo chéad mhíle grá,
Mar is fada fairsing óna chéile
A bhíonn ár n-éirí gach lá.
Date
14 Oct, 2008
Tune
Na Páipéir á Saighneáil
Created By
Recorded by Peter Staunton
Source
Echoes of Erin 2008
Performers/Subjects Instruments
Eimear Arkins Singer
Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.
http://comhaltas.ie/music/detail/na_p...
Повторяем попытку...
Доступные форматы для скачивания:
Скачать видео
-
Информация по загрузке: